zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
100
07 July 2026
Damien Ó Dónaill ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
07 July 2026
An Sáirsint John Joe Mac Laifeartaigh ó Stáisiún Gardaí Bhaile na nGallóglach.
Labhair sé faoin fhiosrúchan atá ar bun acu maidir leis an taisme tragóideach a tharla i mBun Cranncha, rinneadh iarracht dhá charr a ghoid i gceantar Leitir Ceanainn ar an Chéadaoin seo a chuaigh thart ag dhá láthair difriúil agus thug sé comhairle don phobal maidir le cúrsaí sábháilteachta le linn na haimsire te atá tuartha.
7 min
07 July 2026
Uasdátú maidir le hÓstán Radharc na Mara agus Óstán Ghaoth Dobhair.
An scéal is deireanaí a fhail maidir leis na forbairtí ag Óstán Radharc na Mara agus Óstán Ghaoth Dobhair.
5 min
07 July 2026
Róise Ní Laifeartaigh Oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall.
Bhí ócáid speisialta ar siúl in Áras na Contae i Leifear ar maidin áit ar bronnadh scoláireachtaí ar bhaill foirne Chomhairle Contae Dhún na nGall le freastal ar chúrsaí Gaeltachta.
7 min
06 July 2026
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na Nuachta.
Le scéalta móra an lae ón taobh seo tíre.
4 min
06 July 2026
Niamh Nic Giolla Dhuibh, an tráchtaire spóirt agus iar-imreoir le Tír Eoghain.
Ag caitheamh súil siar ar pheil na mban ag an deireadh seachtaine agus cluichí dícháilithe agus ceathrú ceannais ar siúl sa chraobh sinsear. Tá mná Dhún na nGall agus Tír Eoghain slán sa chraobh sinsear bliain eile agus tá mná Ard Mhacha fríd anois go dtí cluiche leathcheannais na hÉireann.
4 min
06 July 2026
An Comhairleoir Contae Albert Doherty.
Ag cur síos ar an tragóid inar maraíodh fear óg, Aaron Friel as Bun Cranncha a bhí ina chuid fichidí i dtaisme bóthaIr oíche Shatharn.
6 min
06 July 2026
Micheál Ó Domhnaill, craoltóir agus ball de thionscnamh Armada na Spáinne.
Tá ceangal láidir ag an taobh seo tíre le hArmada na Spáinne ó thaobh na staire de agus tá macasamhail de long de chuid Armada na Spáinne ar cuairt i Sligeach san am i láthair.
10 min
03 July 2026
Anne Mhic Éamharcaigh Cisteoir Choiste Forbartha Rann na Feirste.
Beidh lá mór teaghlaigh ar siúl i Rann na Feirste ar an Domhnach seo agus Coiste Forbartha Rann na Feirste ag cur tús lena bhfeachtas le páirc úr astro agus gairdín céadfaí a fhorbairt.
5 min
03 July 2026
Niamh Nic Giolla Dhuibh iar-imreoir le Tír Eoghain.
Beidh deireadh seachtaine gnóthach ann i bpeil na mban, tá cluichí móra ag mná Dhún na nGall agus Tír Eoghain agus iad ag imirt i gcluichí dícháilithe.
3 min